http://www.irishnews.com/picturesarchive/irishnews/irishnews/2020/02/14/110910737-5abe5570-07ba-46e5-a5e8-ae5abe87206d.jpg
OIDEACHASÓIRÍ: Dónal Ó hAinifein ag tabhairt cainte thar a bheith spreagúil ag seoladh na hirise Taighde agus Teagasc i gColáiste Ollscoile Naomh Mhuire an tseachtain seo caite, inar pléadh alt le gnéithe tábhachtacha den Ghaeloideachas thuaidh agus theas

Iris úr cheannródaíoch a léiríonn an taighde is úire ar an Ghaeloideachas

by

THUG MÉ cuairt ar Choláiste Ollscoile Naomh Mhuire i mBéal Feirste an tseachtain seo caite agus chonaic mé todhchaí an oideachais lán-Ghaeilge ann.

Bhí mé ann le haghaidh seoladh na hirise Taighde agus Teagasc, Imleabhar 7, bailiúchán de altanna piar-mheasta ar an Ghaeloideachas agus cé gur múinteoirí is mó a bhainfidh tairbhe as an imleabhar, tá go leor lón machnaimh ann don ghnáth-léitheoir ar aon. 

Mar shampla, nochtann Eibhlín Mhig Aoidh na torthaí tuartha atá leis an naíscolaíocht lán-Ghaeilge agus moltar tacar de threoracha cuí ó thaobh curaclaim agus measúnaithe le go mbeidh na heispéiris is fearr agus is saibhre ag na páistí óga seo.

In alt Aisling Ní Dhiorbháin, Sylvaine Ní Aogáin agus Pádraig Ó Duibhir féachtar le dearcthaí múinteoirí I scoileanna lán-Ghaeilge a chlárú i leith a n-eolais féin ar ghramadach na Gaeilge agus ar chur chuige a mholtar do theagasc na gramadaí. 

Ceist an leanúnachais ón bhunscolaíocht isteach sa mheánscolaíocht i gcomhthéacs an ghaeloideachais ó dheas a chíorann Laoise Ní Thuairisg agus Pádraig Ó Duibhir agus tugtar le fios dúinn go bhfuil ráta de thart ar leath na ndaltaí ar bhunscoileanna Gaeilge an deiscirt a théann ar aghaidh isteach san iar-bhunoideachas Gaeilge sa chás go bhfuil an rogha sin le fáil. 

Pointe suimiúil is ea go bhfuil an céatadán sin ag teacht go mór le rátaí sa chomhthéacs idirnáisiúnta tumoideachais.

Bhí atmaisféar breá le mothú agus scaifte mór i láthair ag an seoladh, idir ábhar múinteoirí, mhúinteoirí, lucht acadúil agus oideachasóirí agus iad ag baint suilt as ceol traidisiúnta á sheinm ag scoláirí sa choláiste ar baill den Blackwater Ceili Band iad.

I ndiaidh an cheoil - agus na gceapairí breátha - chuir an Dr Gabrielle Nig Uidhir tús leis an seoladh.

In Taighde agus Teagasc, cuirtear 11 pháipéar taighde i láthair na léitheoirí a thugann léargas ar an iliomad gnéithe den oideachas lán-Ghaeilge agus is cinnte go spreagfaidh an réamhrá le Pádraig Ó Mianáin cur agus cúiteamh i measc oideachasóirí ag gach leibhéal cionn is go dtéann sé go neamhbhalbh i ngleic le raison d’être an Ghaeloideachais.

Scríobh Pádraig go raibh sé ag cruinniú bhord gobharnóirí Gaelscoile áirithe o thuaidh nuair a chuir tuismitheoir amháin ceist “faoi pholasaí, nó easpa polasaí na scoile i leith úsáid na Gaeilge taobh amuigh den tseomra ranga.”

Dar le Pádraig, bhí dearcadh soiléir ag an phríomhoide agus níor chuir sí fiacail ann.

“My job is to teach the children. It is not my job to be an agent for the Irish language,” ar sí.

Thig liom an ráiteas sin a fheiceáil ar pháipéar scrúdaithe san am atá le teacht agus an focal “Discuss” ina dhiaidh.

Ar ndóigh, tá daoine i ngach sochaí ag cur na ceiste “cad é an aidhm atá ag an chóras oideachais seo nó siúd?” agus tá an cheist beo i measc phobal na Gaeilge chomh maith.

Is fiú réamhrá Uí Mhianáin a léamh ina iomláine sula socraíonn tú ar do dhearcadh féin.

Ba é Dónall Ó hAiniféin aoi-chainteoir an tseolta. Ciarraíoch, fear Gaeltachta as Lios Póil, príomhoide scoile agus cathaoirleach ar bhord stiúrthóirí COGG é Dónall agus thug sé caint thar a bheith spreagúil uaidh ar bhain an lucht mór éisteachta idir shult agus thairbhe as.

Dúirt Dónall gurbh éigean don oideachas trí mheán na Gaeilge bheith níos fearr ná an t-oideachas trí mheán an Bhéarla.   

Ba cheart go mbeadh fios a ghnótha ag Dónall, tá 14 sa chlann inar fhás sé aníos agus 11 acu ina mbunmhúinteoirí, leath acu ag teagasc trí mheán na Gaeilge agus an leath eile “ag Béarlóireacht,” mar a dúirt sé féin.

Chuaigh turasanna go Béal Feirste agus go Caerfyrddin na Breataine Bige go mór i bhfeidhm air, go háirithe an ceann go Coláiste na Tríonóide in Caerfyrddin, áit a bhfaca sé an tumoideachas á chur i bhfeidhm i mBreatnais, an bród a bhí ag daoine as an teanga, na háiseanna teagaisc a bhí acu agus gach rud i bhfad chun tosaigh ar a raibh ar fáil in Éirinn.

“An fhorbairt ghairmiúil leanúnach a bhí ar fáil do Ghaelscoileanna ag an am (na 1990idí), ba leagan Gaelainne den fhorbairt ghairmiúil a bhí á cur ar fáil trí Bhéarla, agus ní raibh sé oiriúnach in aon chor don chóras Gaelscolaíochta,” a dúirt sé.

Diaidh ar ndiaidh, bunaíodh cumainn agus reáchtáladh comhdhálacha ar ar cuireadh cuireadh ar aoichainteoirí spreagúla cáilithe agus de réir a chéile forbraíodh clár ar leith don earnáil Ghaeilge.

“Bhí sé an-deacair teacht ar thaighde an tráth sin,” arsa Dónall sular mhol sé an 11 alt atá san imleabhar is déanaí de Taighde agus Teagasc.

Luaigh sé féin alt Uí Mhianáin agus an tagairt do ‘seasamh sa damba agus seasamh go bródúil” mar Ghaeil agus mar theagascóirí i scoileanna lán-Ghaeilge.”

“Tá i bhfad Éire níos mó ag baint leis an scoil ná a bheith ag teagasc trí Ghaeilge,” ar sé.

“Tá glaoch ar leith ann chun na pobail timpeall na scoile a ghríosú agus úsáid na Gaeilge sa phobal a neartú. 

“Is féidir cuid de na pointí a thóg Pádraig a mheascadh leis an taighde atá le fáil in Taghde agus Teagasc, maidir le haistriú go dtí an iarbhunscoileanna, úsáid na Gaelainne ag múinteoirí agus na fadhbanna agus na dúshláin atá acu maidir le ceisteanna gramadaí agus mar sin de.

“Pointe amháin, creidim gur cheart dáiríre go mbeadh múinteoir scoil/baile nó múinteoir liaison ag gach uile Ghaelscoil sa tír le cur ar ár gcumas tacú le tuismitheoirí mar atá luaite sa taighde seo, mar tá tacaíocht de dhíth orthu,” arsa Dónall.

Dúirt sé go raibh sé an-suimiúil bheith ag léamh go bhfuil imní ar thuismitheoirí faoi chaighdeán Béarla na ndaltaí agus iad ag fágáil rang a 6 agus iad ag trasnú chuig an iarbhunscoil lán Ghaeilge.

“Ní féidir linne talamh slán a dhéanamh de, go bhfuil rudaí go hiontach,” ar sé.

“Caithimid a bheith níos fearr ná gach scoil eile. Caithimid a bheith ceannródaíoch mar atá an coiste seo i gColáiste Ollscoile Naomh Mhuire o thaobh teagasc na Gaeilge.  

“Caithimid a bheith daingean go bhfuil muid ag roghnú múinteoirí agus ag cur in iúl do mhúinteoirí go bhfuil ceisteanna fíor-chasta le hionramháil acu ach go bhfuil muid ag tabhairt na scileanna is fearr dóibh chun tabhairt faoin obair sin,” ar sé.

Mhol sé don ábhar muinteoirí a bhí i láthair sult a bhaint as an obair dheonach a dheanann muinteoirí mar luach breise sasaimh.